• No results found

Office of the Data Protection Commissioner : account of receipts and payments, for the year ended 31 December 2017

N/A
N/A
Protected

Academic year: 2020

Share "Office of the Data Protection Commissioner : account of receipts and payments, for the year ended 31 December 2017"

Copied!
42
0
0

Loading.... (view fulltext now)

Full text

(1)
(2)
(3)
(4)
(5)
(6)
(7)
(8)
(9)
(10)
(11)
(12)
(13)
(14)
(15)
(16)
(17)
(18)
(19)
(20)
(21)
(22)

Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste

Comptroller and Auditor General

Tuarascáil lena cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais

Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí

Tuairim ar na ráitis airgeadais

Tá iniúchadh déanta agam ar ráitis airgeadais Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2017 faoi mhír 9 (2) den dara sceideal a ghabhann leis an Acht um Chosaint Sonraí, 1988. Cuimsíonn na ráitis airgeadais cuntas fáltas agus íocaíochtaí agus nótaí gaolmhara, lena n-áirítear an ráiteas faoi bheartais chuntasaíochta.

Is é mo thuairim go gcuirtear i láthair go cuí sna ráitis airgeadais fáltais agus íocaíochtaí Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí don bhliain 2017.

Bunús na tuairime

Rinne mé m’iniúchadh ar na ráitis airgeadais de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Iniúchóireacht arna bhfógairt ag Eagraíocht Idirnáisiúnta na nUasfhoras Iniúchóireachta. Déantar cur síos ar mo fhreagrachtaí faoi na caighdeáin sin san aguisín leis an

tuarascáil seo. Táim neamhspleách ar Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí agus chomhlíon mé na freagrachtaí eiticiúla eile atá orm de réir na gcaighdeán.

Creidim gur leor an fhianaise iniúchóireachta a fuair mé agus go bhfuil sí oiriúnach do bhunús a thabhairt le mo thuairim.

Tuarascáil ar fhaisnéis seachas na ráitis airgeadais agus ar ábhair eile

Chuir Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí faisnéis áirithe eile i láthair i dteannta na ráiteas airgeadais. Cuimsíonn an fhaisnéis sin an ráiteas rialachais, tuarascáil an Choimisinéara, agus an ráiteas faoi rialú inmheánach. Mo fhreagrachtaí as tuairisciú ar an bhfaisnéis sin agus ar ábhair áirithe eile ar a dtuairiscím trí eisceacht, déantar cur síos orthu san aguisín leis an tuarascáil seo.

Níl aon rud le tuairisciú agam ina leith sin.

Le haghaidh agus thar ceann

an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste

(23)

Aguisín leis an tuarascáil

Freagrachtaí Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí

Tá an Coimisinéir freagrach as na nithe seo a leanas:

 na ráitis airgeadais a ullmhú san fhormáid arna sonrú ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe de réir mhír 9 den dara sceideal a ghabhann leis an Acht

 a chinntiú go gcuirtear i láthair go cuí sna ráitis airgeadais na fáltais agus na híocaíochtaí don bhliain

 rialtacht na n-idirbheart a chinntiú, agus

 an rialú inmheánach sin a mheasann sí a bheith riachtanach chun ráitis airgeadais a ullmhú atá saor ó mhíráiteas ábhartha, bíodh calaois nó earráid mar chúis leis.

Freagrachtaí an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste

Ceanglaítear orm faoi mhír 9 den dara sceideal a ghabhann leis an Acht ráitis airgeadais Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí a iniúchadh agus tuairisciú orthu do Thithe an Oireachtais. Tá sé mar chuspóir agam agus an t-iniúchadh á dhéanamh agam dearbhú réasúnach a fháil ar cé acu atá nó nach bhfuil na ráitis airgeadais ina n-iomláine saor ó mhíráiteas ábhartha, bíodh calaois nó earráid mar chúis leis. Is ionann dearbhú réasúnach agus leibhéal ard dearbhaithe. Mar sin féin, ní deimhniú é gur i ngach cás ina bhfuil sé ann a aimseofar míráiteas ábhartha le linn iniúchadh a dhéantar de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Iniúchóireacht. Is féidir le míráitis teacht as calaois nó earráid agus meastar iad a bheith ábhartha más amhlaidh ina n-aonar nó mar chomhiomlán go bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnach go rachadh siad i bhfeidhm ar chinntí eacnamaíocha a dhéanann úsáideoirí ar bhonn na ráiteas airgeadais sin.

Mar chuid d’iniúchadh a dhéantar de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Iniúchóireacht, úsáidim breithiúnas gairmiúil agus coinním sceipteachas gairmiúil ar bun ar fud m’iniúchta. Le linn déanamh amhlaidh,

 déanaim sainaithint agus measúnú ar na rioscaí a bhaineann le míráiteas ábhartha a thabhairt i leith na ráiteas airgeadais, bíodh calaois nó earráid mar chúis leis; déanaim dearadh agus feidhmiú ar nósanna imeachta iniúchóireachta atá freagrúil do na rioscaí sin; agus faighim fianaise iniúchoireachta atá leordhóthanach agus oiriúnach do bhunús a thabhairt le mo thuairim. Tá an riosca a bhaineann le cliseadh míráiteas ábhartha a bhfuil calaois mar chúis leis a aimsiú níos airde ná an riosca a bhaineann le cliseadh míráiteas ábhartha a bhfuil earráid mar chúis leis a aimsiú. Is amhlaidh sin mar go bhféadfadh claonpháirteachas, brionnú, nithe a fágadh amach d’aon ghnó, nithe a míléiríodh nó sárú ar rialú inmheánach a bheith i gceist le calaois.

 gnóthaím tuiscint ar rialú inmheánach atá ábhartha don iniúchadh chun nósanna imeachta iniúchóireachta a dhearadh atá oiriúnach do na cúinsí. Ní dhéanaim amhlaidh, áfach, chun tuairim a thabhairt ar éifeachtacht na rialuithe inmheánacha.

 déanaim meastóireacht ar oiriúnacht na mbeartas cuntasaíochta a úsáideadh agus ar réasúntacht na meastachán cuntasaíochta agus na nochtuithe gaolmhara.

Déanaim cumarsáid leis na daoine sin a gcuirtear de chúram orthu déileáil le rialachas maidir le raon feidhme agus uainiú beartaithe an iniúchta agus le fionnachtana suntasacha an iniúchta, lena n-áirítear aon easnaimh shuntasacha i rialú inmheánach a shainaithním le linn m’iniúchta, i measc ábhair eile.

Faisnéis seachas na ráitis airgeadais

Ní chumhdaítear le mo thuairim ar na ráitis airgeadais an fhaisnéis eile a cuireadh i láthair i dteannta na ráiteas sin agus ní thugaim aon chonclúid dearbhaithe de chineál ar bith ina leith. I dtaca le m’iniúchadh ar na ráitis airgeadais, ceanglaítear orm faoi na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Iniúchóireacht an ráiteas faoi rialú inmheánach airgeadais a chuirtear i láthair a léamh agus, le linn déanamh amhlaidh, a bhreithniú cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh go bhfuil an fhaisnéis atá ann neamh-chomhsheasmhach go hábhartha leis na ráitis airgeadais nó le heolas a gnóthaíodh le linn an iniúchta nó go bhfuil an chuma uirthi ar shlí eile gur tugadh míráiteas ábhartha ina leith. Más rud é, bunaithe ar an obair atá déanta agam, go dtagaim ar an gconclúid go bhfuil míráiteas ábhartha ann i leith na faisnéise sin, ceanglaítear orm an fhíric sin a thuairisciú.

Tuairisciú ar ábhair eile

Déantar m’iniúchadh trí thagairt do na cúinsí speisialta a bhaineann le comhlachtaí Stáit maidir lena mbainistiú agus lena n-oibriú. Tuairiscím i gcás go bhfuil ábhair ábhartha ann a bhaineann leis an dóigh ar cuireadh gnó poiblí i gcrích. Féachaim le linn an iniúchta le fianaise a fháil ar rialtacht na n-idirbheart airgeadais. Tuairiscím i gcás go bhfuil aon chásanna ábhartha ann nár caitheadh airgead poiblí do na críocha a bhí beartaithe iontu nó nach ndearnadh na hidirbhearta de réir na n-údarás a bhí á rialú iontu.

Tuairiscím trí eisceacht freisin sa chás gurb amhlaidh, i mo thuairimse,

 nach bhfuair mé an fhaisnéis agus na mínithe ar fad a theastaigh uaim do m’iniúchadh, nó

 nár leor na taifid chuntasaíochta chun mé a chumasú iniúchadh réidh cuí a dhéanamh ar na ráitis airgeadais, nó

(24)

OIFIG AN CHOIMISINÉARA COSANTA SONRAÍ

CUNTAS FÁLTAS AGUS ÍOCAÍOCHTAÍ

DON BHLIAIN DAR CRÍOCH

(25)

OIFIG AN CHOIMISINÉARA COSANTA SONRAÍ

CLÁR ÁBHAR

Leathanach

Faisnéis Ghinearálta 3

Deimhniú an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste 4

Ráiteas Rialachais agus Tuarascáil an Choimisinéara Cosanta Sonraí 5-9

Ráiteas faoi Rialú Inmheánach 10-12

Cuntas Fáltas agus Íocaíochtaí 13

(26)

OIFIG AN CHOIMISINÉARA COSANTA SONRAÍ

FAISNÉIS GHINEARÁLTA

Oifigí: Oifig Bhaile Átha Cliath:

21 Cearnóg Mhic Liam Baile Átha Cliath 2 Oifig Chúil an tSúdaire: Teach na Canálach Bóthar an Stáisiúin Cúil an tSúdaire Co. Laoise

An Coimisinéir Cosanta Sonraí: Helen Dixon Uas. – Coimisinéir

Leas-Choimisinéirí: Anna Morgan Uas. – Ceann Gnóthaí Dlí

An tUas. Dale Sunderland – Comhairliúchán agus Cumarsáid Jennifer O’Sullivan Uas. – Cuideachtaí Ilnáisiúnta agus Teicneolaíocht

An tUas. John O’Dwyer – Imscrúduithe, Iniúchóireacht agus Aistrithe

Marita Kinsella Uas. – Gnóthaí Corparáideacha, Freagairt Chéadlíne

Uimhir Theileafóin: 057 868 4800

0761 104 800 1890 252 231

Uimhir Facs: 057 868 4757

Suíomh Gréasáin: www.dataprotection.ie

Seoladh Ríomhphoist: info@dataprotection.ie

Iniúchóirí: Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste

(27)

OIFIG AN CHOIMISINÉARA COSANTA SONRAÍ

DEIMHNIÚ AN ARD-REACHTAIRE CUNTAS AGUS CISTE

(28)

OIFIG AN CHOIMISINÉARA COSANTA SONRAÍ

RÁITEAS RIALACHAIS AGUS TUARASCÁIL AN CHOIMISINÉARA COSANTA SONRAÍ

Rialachas

Bunaíodh oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003. Tá feidhmeanna oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí leagtha amach in alt 9 d’Acht 1988, arna leasú. Tá oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí cuntasach don Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus tá freagracht uirthi as dea-rialachas a chinntiú. Comhlíonann an oifig an cúram sin trí chuspóirí agus spriocanna straitéiseacha a leagan síos agus trí chinntí straitéiseacha a dhéanamh ar gach saincheist thábhachtach ghnó. Is ar an gCoimisinéir Cosanta Sonraí agus ar an bhfoireann ardbhainistíochta atá an fhreagracht as oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí a bhainistiú, a rialú agus a threorú ar bhonn laethúil.

Le tosach feidhme an Achta um Chosaint Sonraí, 2018, an 25 Bealtaine 2018, bunaíodh Coimisiún nua um Chosaint Sonraí. De réir an Achta, aistríodh chuig an gCoimisiún nua gach ceann d’fheidhmeanna oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí. De bhreis air sin, le cur i bhfeidhm Rialachán Ginearálta an Aontais Eorpaigh maidir le Cosaint Sonraí ón 25 Bealtaine 2018, tugtar ról i bhfad níos mó don Choimisiún nua um Chosaint Sonraí mar údarás cosanta sonraí agus is ionann an Coimisiún nua anois agus údarás maoirseachta a bhfuil sainchúram ar fud an Aontais Eorpaigh air.

Freagrachtaí Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí

Ceanglaítear le mír 9 de Sceideal 2 leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003, ar an gCoimisinéir Cosanta Sonraí na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh an oifig nó a chaithfidh sí a choimeád i cibé foirm a cheadóidh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Le linn na cuntais seo a ullmhú, ceanglaítear ar oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí–

 beartais oiriúnacha chuntasaíochta a roghnú agus iad a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach,

 breithiúnais agus meastacháin atá réasúnta agus stuama a dhéanamh,

 na cuntais a ullmhú ar bhonn an ghnóthais leantaigh ach amháin i gcás go bhfuil sé míchuí talamh slán

a dhéanamh de go leanfaidh sí ag feidhmiú, agus

 a lua cé acu a leanadh nó nár leanadh caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme, faoi réir aon imeachtaí

ábhartha atá mínithe agus nochta sna cuntais.

Tá oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí freagrach as taifid chuí chuntasaíochta a choinneáil, ina gcuirtear a staid airgeadais in iúl le cruinneas réasúnta ag am ar bith agus lena gcuirtear ar a cumas a chinntiú go gcloíonn na cuntais le mír 9 de Sceideal 2 leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003. Is é freagracht an Choimisinéara Cosanta Sonraí cothabháil agus iomláine na faisnéise corparáidí agus airgeadais atá ar shuíomh Gréasáin oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí a áirithiú.

Tá an Coimisinéir Cosanta Sonraí freagrach as plean bliantúil agus buiséad bliantúil na hoifige a cheadú agus déantar meastóireacht go rialta ag cruinnithe ar fud na bliana ar fheidhmíocht na hoifige i gcomparáid leis an bplean bliantúil agus leis an mbuiséad bliantúil.

Tá oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí freagrach freisin as a sócmhainní a chosaint agus, dá bhrí sin, as bearta réasúnta a dhéanamh chun calaois agus mírialtachtaí eile a chosc agus a aimsiú.

(29)

OIFIG AN CHOIMISINÉARA COSANTA SONRAÍ

RÁITEAS RIALACHAIS AGUS TUARASCÁIL AN CHOIMISINÉARA COSANTA SONRAÍ

Struchtúr Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí

Cheap an Rialtas Helen Dixon mar Choimisinéir Cosanta Sonraí i mí Mheán Fómhair 2014 ar feadh tréimhse 5 bliana de réir fhorálacha na nAchtanna um Chosaint Sonraí.

Chuir oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí Coiste Ardbhainistíochta ar bun. Tá an Coiste Ardbhainistíochta comhdhéanta den Choimisinéir Cosanta Sonraí agus de chúigear Leas-Choimisinéirí. Is é ról an Choiste Ardbhainistíochta maoirseacht a dhéanamh ar bhainistíocht chuí agus rialachas cuí na heagraíochta ar aon dul leis na prionsabail atá leagtha amach sa Chód Cleachtais do Rialachas Comhlachtaí Stáit (2016). Áirítear le téarmaí tagartha an Choiste Ardbhainistíochta ceannaireacht straitéiseach, bainistíocht agus maoirseacht na heagraíochta, faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht an lucht bainistíochta agus na foirne i gcomparáid le tosaíochtaí straitéiseacha agus gnó, cuspóirí straitéiseacha agus gnó, treo straitéiseach agus dúshláin na heagraíochta.

Tá oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí faoi shainchúram Choiste Iniúchóireachta Inmheánaí na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Rinne Aonad Iniúchóireachta Inmheánaí na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais cur i gcrích ar iniúchtaí oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí, a leagadh faoi bhráid Choiste Iniúchóireachta na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus ar phléigh an Coiste iad.

Sceideal Freastail, Táillí agus Speansas

Tá sceideal freastail ag cruinnithe an Choiste don bhliain 2017 leagtha amach thíos. An Coiste Ardbhainistíochta

16

Helen Dixon 16/16

Anna Morgan 15/16

Dale Sunderland 16/16

Jennifer O’Sullivan 13/16

John O’Dwyer 14/16

Marita Kinsella 2/2

Níor íocadh aon táillí ná speansais leis an gCoiste Ardbhainistíochta i dtaca le cruinnithe sa bhliain 2017.

Príomhathruithe Pearsanra

(30)

OIFIG AN CHOIMISINÉARA COSANTA SONRAÍ

RÁITEAS RIALACHAIS AGUS TUARASCÁIL AN CHOIMISINÉARA COSANTA SONRAÍ

An Nochtadh a Cheanglaítear leis an gCód Cleachtais do Rialachas Comhlachtaí Stáit (2016)

Tá oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí freagrach as a chinntiú gur chomhlíon an Oifig ceanglais an Chóid Chleachtais do Rialachas Comhlachtaí Stáit (“an Cód”) arna fhoilsiú ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i mí Lúnasa 2016. Ceanglaítear an nochtadh seo a leanas leis an gCód:

Miondealú ar Shochair Ghearrthéarmacha Fostaithe

Déantar sochair ghearrthéarmacha fostaithe ar fiú níos mó ná €60,000 iad a chatagóiriú sna bandaí seo a leanas:

Raon Líon fostaithe

Ó Go 2017 2016

€60,000 - €69,999 €70,000 - €79,999 €80,000 - €89,999 €90,000 - €99,999 €100,000 - €109,999 €100,000 - €119,999 €120,000 - €129,999

9 3 2 2 - - 1 6 5 1 1 - - 1

Nóta: Chun críocha an nochta seo, áirítear iad seo a leanas le sochair ghearrthéarmacha fostaithe a íocadh i leith seirbhísí a soláthraíodh le linn na tréimhse tuairiscithe: tuarastal; liúntais ragoibre; agus íocaíochtaí eile a rinneadh thar ceann an fhostaí. Ní áirítear ÁSPC ón bhfostóir leo, áfach.

Costais Chomhairleachta

Áirítear le costais chomhairleachta an costas ar chomhairle sheachtrach a chur ar an lucht bainistíochta. Ní áirítear leo an costas ar fheidhmeanna seachfhoinsithe ‘gnáthghnó’.

2017 2016

Comhairle dlí 71,615 38,944

Seirbhísí Comhairleacha Gnó (Clár Ullmhachta don

Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) 503,050 -

Caidreamh poiblí/margaíocht 53,616 -

Eile 71,082 5,075

(31)

OIFIG AN CHOIMISINÉARA COSANTA SONRAÍ

RÁITEAS RIALACHAIS AGUS TUARASCÁIL AN CHOIMISINÉARA COSANTA SONRAÍ

Costais Dlí agus Socraíochtaí

Sa tábla thíos, tá miondealú tugtha ar na suimeanna a íocadh sa tréimhse tuairiscithe i dtaca le costais dlí, le socraíochtaí agus le himeachtaí réitigh agus eadrána a bhaineann le conarthaí le tríú páirtithe. Ní áirítear leis caiteachas a tabhaíodh ar an gcomhairle dlí ghinearálta a fuair oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí. Tá an caiteachas sin ar áireamh sna costais Chomhairleachta thuas.

2017 2016

Táillí dlí – imeachtaí dlí 1,569,352 870,909

Costais dlí a aisghabhadh (5,641) (9,896)

Iomlán 1,563,711 861,013

Caiteachas Taistil agus Cothaithe

Is mar seo a leanas a chatagóirítear caiteachas taistil agus cothaithe:

2017 2016

Taisteal intíre

- An Coimisinéir 210 -

- Fostaithe 33,237 24,354

Taisteal Idirnáisiúnta

- An Coimisinéir 7,256 5,699

- Fostaithe 62,053 42,697

Iomlán 102,756 72,750

Caiteachas Fáilteachais

(32)

OIFIG AN CHOIMISINÉARA COSANTA SONRAÍ

RÁITEAS RIALACHAIS AGUS TUARASCÁIL AN CHOIMISINÉARA COSANTA SONRAÍ

Ráiteas faoi Chomhlíonadh

Chomhlíon Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí ceanglais an Chóid Chleachtais do Rialachas Comhlachtaí Stáit arna fhoilsiú ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i mí Lúnasa 2016, gan na heisceachtaí seo a leanas a áireamh:

 Tá an struchtúr rialachais faoina mbunaítear Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí difriúil le struchtúr rialachais roinnt comhlachtaí eile stáit sa dóigh is nach bhfuil aon struchtúr Boird ann. Tugann an Coimisinéir Cosanta Sonraí agus na Leas-Choimisinéirí faoin ról mar Bhord, anuas ar na feidhmeanna feidhmiúcháin a chomhlíonadh. Ós rud é go bhfuil Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí mar chuid den vóta Dlí agus Cirt, is é Ard-Rúnaí na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais a chomhlíonann feidhm an oifigigh chuntasaíochta.

 I Rannáin 7.2 agus 7.7 den Chód, tagraítear d’Aonad Iniúchóireachta Inmheánaí agus do Choiste

Iniúchóireachta agus Riosca atá comhdhéanta go cuí a bheith ag Comhlacht Stáit. Is é Aonad Iniúchóireachta Inmheánaí na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais, faoi mhaoirseacht Choiste Iniúchóireachta Vóta 24 (Dlí agus Ceart), a chomhlíonann feidhm Iniúchóireachta Inmheánaí an Choimisinéara Cosanta Sonraí. Rinne Aonad Iniúchóireachta Inmheánaí na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais iniúchadh ar rialuithe airgeadais an Choimisinéara Cosanta Sonraí go luath sa bhliain 2017. Breithníodh an tuarascáil iniúchóireachta os comhair Choiste Ardbhainistíochta an Choimisinéara Cosanta Sonraí agus Choiste Iniúchóireachta na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Níor sainaithníodh aon saincheisteanna suntasacha san iniúchadh. De bhreis air sin, tá Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí faoi réir iniúchadh bliantúil ag an gCoiste Ardbhainistíochta, a ghníomhaíonn mar Choiste Riosca d’Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí.

 Le Rannán 8.8 den Chód, ceanglaítear ar Chomhlacht Stáit Comhaontú Soláthar Feidhmíochta a

chomhaontú lena mháthair-Roinn ábhartha. Ós rud é go bhfuil Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí neamhspleách maidir le comhlíonadh a feidhmeanna faoi fhorálacha na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003, agus faoi fhorálacha an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (a bhfuil feidhm aige ón 25 Bealtaine 2018 i leith), níl sí faoi réir Comhaontú Soláthar Feidhmíochta leis an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Ina ionad sin, tá Comhaontú Dearbhaithe Rialachais (2017–2019) leis an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais i bhfeidhm ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí. Leagtar amach sa Chomhaontú sin an creat leathan rialachais chorparáidigh ar laistigh de a oibríonn Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí agus ina sainítear na príomhróil agus na príomhfhreagrachtaí atá mar bhonn agus thaca ag an gcaidreamh idir an Oifig agus an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais.

Helen Dixon Coimisinéir

(33)

OIFIG AN CHOIMISINÉARA COSANTA SONRAÍ

RÁITEAS FAOI RIALÚ INMHEÁNACH

Raon Freagrachta

Thar ceann oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí, aithním an fhreagracht as a chinntiú go ndéantar córas éifeachtach rialaithe inmheánaigh a chothabháil agus a fheidhmiú. Agus an fhreagracht sin á comhlíonadh againn, tugtar aird ar cheanglais an Chóid Chleachtais do Rialachas Comhlachtaí Stáit (2016).

Cuspóir an Chórais Rialaithe Inmheánaigh

Tá an córas rialaithe inmheánaigh deartha chun riosca a choinneáil ar leibhéal inghlactha, seachas deireadh a chur leis. Dá bhrí sin, ní fhéadann an córas ach dearbhú réasúnach agus ní dearbhú iomlán a chur ar fáil go gcosnaítear sócmhainní, go n-údaraítear idirbhearta agus go dtaifeadtar iad go cuí agus go gcoisctear earráidí ábhartha agus mírialtachtaí nó go mbraitear iad ar bhealach tráthúil.

Bhí córas rialaithe inmheánaigh, atá ag teacht leis an treoir arna heisiúint ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, i bhfeidhm in oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2017 agus suas go dtí an dáta a ceadaíodh na cuntais.

Cumas le Riosca a Láimhseáil

Tugann oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí tuairisc ar gach ní iniúchoireachta don Choiste Iniúchóireachta sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Tháinig an Coiste Iniúchóireachta sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais le chéile cúig huaire sa bhliain 2017. Gníomhaíonn foireann ardbhainistíochta oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí mar Choiste Riosca don chomhlacht. D’fhreastail bainisteoirí sinsearacha ón Oifig ar chruinniú leis an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais sa bhliain 2017 chun saincheisteanna iniúchóireachta agus riosca a bhaineann leis an gcomhlacht a phlé.

(34)

OIFIG AN CHOIMISINÉARA COSANTA SONRAÍ

RÁITEAS FAOI RIALÚ INMHEÁNACH

Creat Riosca agus Rialaithe

Chuir oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí córas bainistíochta riosca chun feidhme, rud lena sainaithnítear agus lena dtuairiscítear na príomhrioscaí atá ann agus na gníomhartha bainistíochta atá á ndéanamh chun dul i ngleic leis na rioscaí sin agus, a mhéid is féidir é, chun na rioscaí sin a mhaolú.

Tá clár rioscaí i bhfeidhm ina leagtar amach na príomhrioscaí atá roimh oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí. Rinneadh na rioscaí sin a shainaithint, a mheas agus a ghrádú bunaithe ar a shuntasaí atá siad. Déanann an fhoireann ardbhainistíochta an clár a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn ráithiúil. Úsáidtear an toradh ar an obair sin chun acmhainní a phleanáil agus a leithdháileadh agus chun a chinntiú go gcoinnítear rioscaí ar leibhéal inghlactha. Mionsonraítear sa chlár rioscaí na rialuithe agus na gníomhartha a theastaíonn chun maolú a dhéanamh ar rioscaí agus ar an bhfreagracht a leagtar ar bhaill foirne shonracha as rialuithe a oibriú.

Deimhním go bhfuil timpeallacht rialaithe i bhfeidhm a bhfuil na gnéithe seo a leanas mar chuid di:

 taifeadadh nósanna imeachta le haghaidh gach príomhphróisis ghnó;

 sannadh freagrachtaí airgeadais ar leibhéal bainistíochta, agus cuntasacht chomhfhreagrach ag gabháil

leo;

 tá córas buiséadaithe cuí i bhfeidhm, rud lena ngabhann buiséad bliantúil a choinnítear faoi athbhreithniú ag an lucht ardbhainistíochta;

 tá córais i bhfeidhm a bhfuil mar aidhm leo slándáil na gcóras teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide a chinntiú. Is í an Rannóg TFC sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais a sholáthraíonn seirbhísí TFC don Choimisinéir Cosanta Sonraí. Chuir sí ráiteas dearbhaithe ar fáil ina leagtar amach na próisis rialaithe a bhí i bhfeidhm sa bhliain 2017 i dtaca leis na rialuithe atá i bhfeidhm;

 tá córais i bhfeidhm chun sócmhainní oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí a chosaint. Cinntítear leis

na nósanna imeachta rialaithe ar chistiú deontais do ghníomhaireachtaí sheachtracha go bhfuil rialú leordhóthanach ann ar cheadú deontas agus go ndéantar faireachán agus athbhreithniú ar dheontaithe chun a chinntiú gur úsáideadh cistiú deontais chun na críche a beartaíodh;

 Is í an Oifig Náisiúnta um Sheirbhísí Comhroinnte a sholáthraíonn seirbhísí Acmhainní Daonna agus seirbhísí Comhroinnte Párolla don Oifig. Is í an Oifig Náisiúnta um Sheirbhísí Comhroinnte a sholáthraíonn dearbhú bliantúil maidir leis na seirbhísí a sholáthraítear don Oifig. Is faoi phróisis deimhniúcháin ISAE 3402 a iniúchtar na seirbhísí sin.

Faireachán agus Athbhreithniú Leanúnach

Cuireadh nósanna imeachta foirmiúla ar bun le haghaidh faireachán a dhéanamh ar phróisis rialaithe agus cuirtear easnaimh rialaithe in iúl go tráthúil dóibh sin atá freagrach as gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh agus don lucht bainistíochta, nuair is iomchuí. Deimhním go bhfuil na córais faireacháin leanúnaigh seo a leanas i bhfeidhm:

 sainaithníodh príomhrioscaí agus rialuithe gaolmhara agus cuireadh próisis i bhfeidhm chun faireachán

a dhéanamh ar oibriú na bpríomhrialuithe sin agus chun aon easnaimh shainaitheanta a thuairisciú;

 déanann Aonad Iniúchóireachta Inmheánaí na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais iniúchadh bliantúil ar rialuithe airgeadais agus ar rialuithe eile;

 bunaíodh socruithe tuairiscithe ar gach leibhéal mar ar sannadh freagracht as bainistíocht airgeadais;

agus

 déanann an lucht ardbhainistíochta athbhreithnithe rialta ar thuarascálacha tréimhsiúla agus bliantúla

(35)

OIFIG AN CHOIMISINÉARA COSANTA SONRAÍ

RÁITEAS FAOI RIALÚ INMHEÁNACH

Soláthar

Deimhním go bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm ag oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí chun a chinntiú go gcomhlíontar na rialacha agus na treoirlínte reatha maidir le soláthar. Deimhním freisin gur chomhlíon oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí na nósanna imeachta sin le linn na bliana 2017.

Athbhreithniú ar Éifeachtacht

Deimhním go bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm ag oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht a nósanna imeachta bainistíochta riosca agus rialaithe. Obair na n-iniúchóirí inmheánacha agus seachtracha, an Choiste Iniúchóireachta sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus an lucht ardbhainistíochta, déanann sí eolas d’fhaireachán agus athbhreithniú oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí ar éifeachtacht an chórais um rialú inmheánach airgeadais. Tá an lucht ardbhainistíochta laistigh d’oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí freagrach as an gcreat um rialú inmheánach airgeadais a fhorbairt agus a chothabháil.

Ag gníomhú dó faoi mhaoirseacht ag Coiste Iniúchóireachta Vóta 24 (Dlí agus Ceart) le haghaidh rialuithe inmheánacha agus maoirseacht a dhearbhú, is é an t-aonad Iniúchóireachta Inmheánaí sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais a chomhlíonann feidhm Iniúchóireachta Inmheánaí an Choimisinéara Cosanta Sonraí. Deimhním gur thug oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí faoi athbhreithniú bliantúil ar éifeachtacht na rialuithe inmheánacha don bhliain 2017. Ba cheart a thabhairt faoi deara gur féachadh san athbhreithniú sin ar níos mó ná rialuithe airgeadais amháin agus gur scrúdaíodh rialuithe TFC, cleachtais bhainistíochta agus próisis rialachais eile lena linn freisin.

Helen Dixon Coimisinéir

(36)

OIFIG AN CHOIMISINÉARA COSANTA SONRAÍ

CUNTAS FÁLTAS AGUS ÍOCAÍOCHTAÍ

DON BHLIAIN DAR CRÍOCH AN 31 NOLLAIG 2017

2017 2016

Nótaí

Fáltais

Airgead ón Oireachtas 2 6,173,768 3,906,234

Táillí 3 754,739 775,729

6,928,507 4,681,963

Íocaíochtaí

Costais Foirne 4 3,353,856 2,541,537

Costais Bhunaithe 6 444,503 340,495

Táillí Comhairleachta 7 2,333,688 969,698

Speansais Ilghnéitheacha 8 41,721 54,504

6,173,768 3,906,234

Íocaíocht fáltas don bhliain le Vóta Oifig 746,783 747,225

an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais

Fáltais atá iníoctha le Vóta Oifig 7,956 28,504

an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais

6,928,507 4,681,963

Tá nótaí 1 go 13 mar chuid den chuntas seo.

Helen Dixon Coimisinéir

(37)

OIFIG AN CHOIMISINÉARA COSANTA SONRAÍ

NÓTAÍ LEIS NA CUNTAIS

DON BHLIAIN DAR CRÍOCH AN 31 NOLLAIG 2017

1. Beartais chuntasaíochta

Tá an bonn cuntasaíochta agus na beartais shuntasacha chuntasaíochta ar ghlac oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí iad leagtha amach thíos. Cuireadh i bhfeidhm go comhsheasmhach iad ar fud na bliana agus don bhliain roimhe.

a) Faisnéis Ghinearálta

Cuireadh oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí ar bun faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003. Tá a hoifigí lonnaithe ag 21 Cearnóg Mhic Liam, Baile Átha Cliath 2, agus ag Teach na Canálach, Bóthar an Stáisiúin, Cúil an tSúdaire, Co. Laoise. Is é príomhfheidhm na hOifige maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na nAchtanna um Chosaint Sonraí, a chinntiú go gcomhlíontar forálacha na nAchtanna, gearáin a imscrúdú, déileáil le sáruithe ar na hAchtanna, ullmhú cód cleachtais a spreagadh, clár a bhunú agus a chothabháil de na rialaitheoirí sonraí agus na próiseálaithe sonraí a gceanglaítear orthu clárú, agus cúnamh frithpháirteach a thabhairt d’údaráis eile chosanta sonraí.

b) Bonn an Ullmhúcháin

Ullmhaíodh na cuntais ar bhonn an ghnóthais leantaigh, faoi choinbhinsiún an chostais stairiúil. Tá na cuntais san fhoirm ar cheadaigh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais í le comhthoiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Ullmhaítear na cuntais in euro, arb é airgeadra feidhmeach oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí é.

c) Airgead ón Oireachtas

Is ionann an t-ioncam a aithnítear sna cuntais faoin teideal Deontais agus cistiú a tugadh d’oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí trí Vóta na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Is í an Roinn a riarann íocaíocht na dtuarastal agus íocaíocht gach costais eile. Is ionann an méid a aithnítear mar ioncam agus an méid a tógadh ón Vóta chun na híocaíochtaí a rinneadh le linn na bliana a chistiú. d) Ioncam Táillí / Táillí

Is ar bhonn fáltas airgid a thuairiscítear ioncam táillí. Aithnítear ioncam táillí clárúcháin tráth a fhaightear iarratas ar chlárú. Cuirtear ioncam táillí clárúcháin ar aghaidh chuig an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Taifeadtar an t-ioncam sin mar leithreasaí i gcabhair i gcuntais na Roinne.

e) Airgeadraí Eachtracha

Déantar idirbhearta atá ainmnithe in airgeadraí eachtracha a aistriú go euro agus taifeadtar iad ag an ráta malairte atá i bhfeidhm ar dháta na n-idirbheart. Déantar sócmhainní agus dliteanais airgid atá ainmnithe in airgeadraí eachtracha a aistriú go euro ag na rátaí malairte atá i bhfeidhm ar an dáta tuairiscithe nó ag rátaí conarthaí réamhcheannacháin, i gcás gurb ann do chonarthaí den sórt sin.

f) Aoisliúntas

Is státseirbhísigh iad na fostaithe de chuid oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí. Is baill iad de scéim neamhchistithe sochair shainithe, rud a riarann an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe é. Rinneadh dlí den Acht um Pinsin na Seirbhíse Poiblí (Scéim Aonair agus Forálacha Eile), 2012, an 28 Iúil 2012. Tugadh isteach leis an Acht an leagan nua den Scéim Pinsean Seirbhíse Poiblí Aonair (“Scéim Aonair”), a bhfuil éifeacht léi ón 1 Eanáir 2013. Is baill den Scéim Aonair iad gach ball foirne nua in oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí a chuaigh isteach san Earnáil Phoiblí den chéad uair an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh.

Faisnéis Fabhruithe

(38)

OIFIG AN CHOIMISINÉARA COSANTA SONRAÍ

NÓTAÍ LEIS NA CUNTAIS

DON BHLIAIN DAR CRÍOCH AN 31 NOLLAIG 2017

2017 2016

2 Airgead ón Oireachtas

An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais 6,173,768 3,906,234

Cistítear oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí ó Vóta na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais (Vóta 24) trí fho-mhírcheann A.6.

2017 2016

3 Ioncam Táillí / Táillí

Ioncam táillí clárúcháin a fuarthas 754,739 775,729

Ceanglaítear le heagraíochtaí a phróiseálann sonraí pearsanta clárú le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí. Íoctar táillí clárúcháin ar bhonn bliantúil.

2017 2016

4 Costais Foirne agus Faisnéis Fostaithe

Pá agus Tuarastail 3,251,100 2,468,787

Taisteal agus Cothú 102,756 72,750

Costas Foirne Iomlán 3,353,856 2,541,537

Ba é 75 dhuine an meánlíon fostaithe a bhí ann le linn na bliana (2016: 52).

Tógadh an Asbhaint a Bhaineann le Pinsean ar aon dul le ceanglais reachtúla. Asbhaineadh tobhach pinsin €120,111 sa bhliain 2017 (2016: €107,711) agus choinnigh an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais é. Miondealú ar shochair fostaithe:

Raon na sochar fostaithe iomlán Líon fostaithe

Ó Go 2017 2016

€60,000 - €69,999 €70,000 - €79,999 €80,000 - €89,999 €90,000 - €99,999 €100,000 - €109,999 €100,000 - €119,999 €120,000 - €129,999

(39)

OIFIG AN CHOIMISINÉARA COSANTA SONRAÍ

NÓTAÍ LEIS NA CUNTAIS

DON BHLIAIN DAR CRÍOCH AN 31 NOLLAIG 2017

5 Luach Saothair an Choimisinéara Cosanta Sonraí

Is é seo a leanas an luach saothair a fuair an Coimisinéir sa bhliain 2017:

2017 2016

Tuarastal Tuarastal

Helen Dixon 128,682 125,668

Ní bhfuair an Coimisinéir aon íocaíochtaí a bhaineann le feidhmíocht ná aon sochar comhchineáil eile le linn na bliana.

Tá teidlíochtaí pinsin an Choimisinéara i gcomhréir leis na teidlíochtaí caighdeánacha i Scéim Aoisliúntais Sochair Shainithe na Státseirbhíse agus ní théann siad os a gcionn.

Sa bhliain 2017, thabhaigh an Coimisinéir speansais taistil, aisíocaíochtaí san áireamh, arbh fhiú €7,466 iad (2016: €5,699).

2017 2016

6 Costais Bhunaithe

Breiseanna le sócmhainní seasta 90 -

Cothabháil trealaimh agus soláthairtí oifige 134,469 36,132

Cóiríocht 264,111 271,261

Costais teileachumarsáide 45,833 33,102

444,503 340,495

2017 2016

7 Táillí Comhairleachta

Comhairle dlí (de chineál ginearálta) 71,615 38,944

Táillí dlí – imeachtaí dlí 1,569,352 870,909

Costais dlí a aisghabhadh (5,641) (9,896)

Cumarsáid / Caidreamh Poiblí 124,230 54,466

Seirbhísí Comhairleacha Gnó 503,050 -

Táillí iniúchóireachta seachtraí - 10,200

Eile 71,082 5,075

(40)

OIFIG AN CHOIMISINÉARA COSANTA SONRAÍ

NÓTAÍ LEIS NA CUNTAIS

DON BHLIAIN DAR CRÍOCH AN 31 NOLLAIG 2017

2017 2016

8 Speansais Ilghnéitheacha

Speansais aistriúcháin agus ateangaireachta 5,505 7,937

Seimineáir agus comhdhálacha 216 1,522

Speansais mhargaíochta agus mheán 2,053 -

Oiliúint agus forbairt foirne 631 12,913

Gearrtháin nuachtáin agus tréimhseacháin 1,176 4,887

Sólaistí oifige 3,283 2,184

Ballraíocht de chomhlachtaí gairmiúla 485 1,455

Tuarascálacha agus foilseacháin / fógraíocht 19,873 20,603

Seirbhísí ar conradh 834 2,006

Speansais eile 7,665 997

41,721 54,504

9 Faisnéis Fabhruithe

(a) Sócmhainní Seasta Trealamh Trealamh

TF Oifige Iomlán

Costas

Ag an 01 Eanáir 2017 44,263 11,774 56,037

Breiseanna don bhliain - 90 90

Diúscairtí - (765) (765)

Ag an 31 Nollaig 2017 44,263 11,099 55,362

Dímheas Carntha

Ag an 01 Eanáir 2017 42,584 8,555 51,139

Muirear dímheasa don bhliain 862 1,349 2,212

Diúscairtí - (765) (765)

Ag an 31 Nollaig 2017 43,447 9,139 52,586

Glanluach Leabhar

Ag an 31 Nollaig 2017 817 1,960 2,776

(41)

OIFIG AN CHOIMISINÉARA COSANTA SONRAÍ

NÓTAÍ LEIS NA CUNTAIS

DON BHLIAIN DAR CRÍOCH AN 31 NOLLAIG 2017

9 Faisnéis Fabhruithe

2017 2016

(b) Costas Seirbhíse

Íocaíochtaí sa bhliain 6,173,768 3,906,234

Fabhruithe tosaigh (30,357) (10,437)

Fabhruithe deiridh 51,308 30,357

Réamhíocaíochtaí tosaigh 1,882 82,927

Réamhíocaíochtaí deiridh (32,054) (1,882)

Iarmhéid stoic thosaigh 8,244 11,855

Iarmhéid stoic dheiridh (5,801) (8,244)

Breiseanna le sócmhainní seasta (90) -

Dímheas don bhliain 2,212 2,755

Costas seirbhíse 6,169,112 4,013,565

Rinneadh an figiúr comparáideach le haghaidh fabhruithe deiridh a athlua tar éis don Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais an fhaisnéis don bhliain 2016 a athbhreithniú.

10 Ceangaltais Léasa

Rinne oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí a hoifig i mBaile Átha Cliath a athlonnú go 21 Cearnóg Mhic Liam i mí Lúnasa 2016. Is áitreabh é sin a chuireann Oifig na nOibreacha Poiblí ar fáil saor in aisce.

Mar thoradh ar an ról leathnaithe a leagadh uirthi faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, sháraigh oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí an spás uasta atá le fáil i gCearnóg Mhic Liam le linn na mblianta 2016 agus 2017. Toisc nach raibh Oifig na nOibreacha Poiblí in ann áitreabh oiriúnach a chur ar fáil chun freastal ar na riachtanais chóiríochta ghearrthéarmacha, d’áirithigh an Coimisinéir Cosanta Sonraí spás oifige breise chun srianta a mhaolú ina oifig i mBaile Átha Cliath. Chuaigh oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí isteach i ‘gComhaontú Oifige Seirbhísithe’ ar feadh gearrthéarma le Cúirt Regus, Bóthar Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Ba é €130,006 an costas ar an spás oifige sealadach breise i gCúirt Regus sa bhliain 2017 (€47,148 – 2016). Tá diandíospóireacht ar bun le hOifig na nOibreacha Poiblí faoi láthair chun oifig bhuan nua i mBaile Átha Cliath a shainaithint. Ar mhaithe le freastal ar riachtanais oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí, comhaontaíodh go mbeadh ar Oifig na nOibreacha Poiblí áitreabh oiriúnach atá lonnaithe i lár na cathrach a ghlacadh ar léas. Ní mheastar go mbeidh a leithéid áitribh ar fáil roimh an mbliain 2020.

Tá an oifig i gCúil an tSúdaire lonnaithe ag Teach na Canálach, Bóthar an Stáisiúin, Cúil an tSúdaire, Co. Laoise. Cuireann Oifig na nOibreacha Poiblí an oifig sin ar fáil saor in aisce. Ag an 31 Nollaig 2017 agus ag an 31 Nollaig 2016, bhí oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí faoi dhliteanas i leith na n-íosíocaíochtaí léasa amach anseo.

Amhail an 31 Amhail an 31

Nollaig 2017 Nollaig 2016

Iníoctha laistigh de bhliain amháin 130,006 47,148

Iníoctha laistigh de thréimhse idir 2 bhliain agus 5 bliana - -

Iníoctha tar éis 5 bliana - -

(42)

OIFIG AN CHOIMISINÉARA COSANTA SONRAÍ

NÓTAÍ LEIS NA CUNTAIS

DON BHLIAIN DAR CRÍOCH AN 31 NOLLAIG 2017

11 Ceangaltais Chaipitil

Ní raibh aon cheangaltais chaipitil ann ag an 31 Nollaig 2017.

12 Idirbhearta Páirtithe Gaolmhara / Nochtadh Leasa

Is é atá i bpríomhphearsanra bainistíochta oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí ná an Coimisinéir Cosanta Sonraí agus cúigear Leas-Choimisinéirí. B’ionann agus €492,173 (2016: €459,700) an cúiteamh iomlán a d’íoc oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí le príomhphearsanra bainistíochta le linn na bliana. Comhlíonann oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí an Cód Cleachtais do Rialachas Comhlachtaí Stáit arna eisiúint ag an Roinn Airgeadais maidir leis an nochtadh leasa ag an gCoimisiún agus ag comhaltaí/baill foirne an Choimisiúin. Tá nósanna imeachta foirmiúla i bhfeidhm chun a chinntiú go gcloítear le ceanglais an Chóid.

13 Dliteanais Theagmhasacha

References

Related documents

Oxidative stress induced by MLN+CQ also contributes to the induction of NOXA, based on the following findings that (a) MLN+CQ-induced mitochondrial depolarization which

We find that 5MPN is a selective inhibitor of PFKFB4 that suppresses the glycolysis and proliferation of multiple human cancer cell lines but not non-transformed epithelial cells

The effect of time of perfusion and of the subsequent rinsing of one of the half-loops of intestine in Krebs-Ringer phosphate solution and the other half in sodium EDTA solution was

It is noteworthy that inhibition of aldosterone secretion by SU-4885 caused sodium loss and po- tassium retention in a normal individual on a liberal sodium diet (Figure 4) as well

Bilik, Spatial ompressive sensing for diretion-of-arrival estimation of multiple soures using dynami sensor arrays, IEEE T rans. Rao, Sparse signal reovery with temporally

attention, enjoyment, emotional response, interest, and memorability were used. The research addressed the use of AD by sighted people by comparing it to a standard audio guide

(RL23) To develop a training plan for sports entities.. The administration of human resources and leadership in sports entities. Management skills and communication. The human

When following a story-based approach, unit topics must be meaningful, as this approach provides students with a link between their experiences and interests and